Tom nó féithleog adhmadach atá dúchasach do Mheiriceá Thuaidh, planda an-athraitheach. Na duilleoga le 3 dhuilleoigín, mín is snasta nó giobach, fiaclach nó maothánach. Na bláthanna bán. Na plandaí a fhoirmíonn toim ingearacha, le duilleoga barrmhaola maothánacha, cosúil le duilleoga darach. Tugtar dair nimhe orthu sin, agus glacann cuid de na saineolaithe leo mar speiceas difriúil. Táirgeann siad uile roisín a chuimsíonn an ceimiceán úraiseanól, atá nimhiúil faoi do mhéara agus a chuireann tús le deirmitíteas dian. Tá sé do-ghalaithe agus is féidir é a iompar ar éadaí, ithir, fiú i ndeatach. Mar sin, is féidir leis a dhrochiarmhairtí a oibriú i bhfad ón bplanda féin.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Strategi Solo vs Squad di Free Fire: Cara Menang Mudah!