CeoltóirÉireannach é Donal Lunny, a saolaíodh ar an 10 Márta, 1947 agus a tógadh sa Droichead Nua i gCill Dara. Tá go leor ceoltóirí faoi chomaoin mhór aige de bharr a ndearna sé chun a gcuid ceoil a chur os comhair an tsaoil mhóir.
Saol
Chuir Lunny spéis sa cheol ó bhí sé an-óg, agus bhunaigh sé The Rakes of Kildare lena chara Christy Moore agus Frank Moore, deartháir Christy. Sheinn Donal an giotár, bhí Christy ag canadh agus sheinn Frank an fheadóg stáin. Tamall ina dhiaidh sin chuaigh Lunny leis an ngrúpa Emmett Spiceland. Thug Andy Irvinebouzouki dó 1970 agus spreagadh é chun triail a bhaint as bealaí úra chun ceol Gaelach a sheinm.
Chruthaigh sé a stíl cheoil féin. Ó shin i leith bhí baint aige le cuid mhór de na grúpaí agus na ceoltóirí is cáiliúla in Éirinn.
Tamall ina dhiaidh sin, cuireadh an grúpa Planxty le chéile, le Donal Lunny, Christy Moore, agus Liam Óg Ó Floinn. Bhí an-cháil ar an ngrúpa ar feadh na mblianta agus mheall siad na sluaite chun an cheoil in Éirinn agus thar lear. Ach níor aontaigh baill an ghrúpa le chéile agus d'fhág Lunny, cé go raibh baint aige le léiriú a gcuid ceirníní go fóill.
Tháinig grúpa ceoltóirí le chéile i 1975 chun comóradh 21 bliain a dhéanamh ar Cheirníní Ghael Linn, seachtar de na ceoltóirí is fearr sa tír ag an am. Tugadh an Bothy Band orthu agus chuaigh a gcáil ar fud an domhain. Bhunaigh Lunny lipéad ar leith chun ceirníní an ghrúpa seo a eisiúint, Mulligan, agus bhí bouzouki Lunny le cloisteáil go binn orthu.
Ansin thosaigh Lunny ag seinm le Kevin Burke i Midnight Well. Ó 1977 i leith, bhí sé páirteach le go leor grúpaí agus ceoltóirí aonair eile. Bhí a thionchar le aithint ar na ceirníní iomadúla a léirigh sé ar feadh na mblianta.
Tháinig deireadh leis an Bothy Band sa bhliain 1979. Ach ansin tháinig Planxty le chéile arís agus rinneadh trí cheirnín eile (ina measc, ceirnín speisialta chun cabhair a thabhairt do na stailceoirí ocrais i 1980/1981).
Scar Christy agus Donal le chéile arís agus bhunaigh Lunny Moving Hearts (1981-1985), grúpa eile a raibh an-cháil air agus an-tionchar aige ar fhorbairt an cheoil in Éirinn. Bhain níos mó polaitíochta le hamhráin an ghrúpa seo, agus bhí tionchar láidir ag an gceol comhaimseartha rac ar a chuid ceoil.
Ó 1985 i leith, dhírigh Lunny ar a chuid oibre mar léiritheoir. Bhí Christy Moore féin, Clannad, Planxty, Altan agus mórán ealaíontóirí traidisiúnta eile faoi chomaoin mhór aige de bharr a ndearna sé chun a gcuid ceoil a chur os comhair an tsaoil mhóir.