I ndeisceart Chúige Uladh atá An Cabhán nó Contae an Chabháin.[1] "Log' a chiallaíonn an focal 'Cabhán' agus tá an baile den ainm sin suite i ngleann beag i lár na gcnoc. Ba iad clann Uí Raghaillaigh a thóg caisleán anseo sa tríú haois déag agus rialaigh siad oirthear an cheantair ar ar tugadh 'Breifne'. Bhunaigh na Proinsiasaigh mainistir sa Chabhán ag an am céanna ach níl fágtha de sin anois ach túr an chloig. Ba sa bhliain 1579 a leagadh amach teorannacha an chontae. Rinneadh ionad margaidh den bhaile sa chúigiú haois déag, agus bhí tábhacht leis mar ionad traenach faoi dheireadh an naoú haois déag. Ba ionad tábhachtach é do thionscal an línéadaigh chomh maith.
Tá iarsmaí ón Chlochaois i leith ar fud an chontae go háirithe san iarthar mar a raibh cónaí ar dhaoine le breis agus cúig mhíle bliain. Tá a lán locha ann agus ba mhinic a chónaigh daoine ar oileáin shaorga ar a dtugtar crannóga.