Eitleoir ceannródaíoch a rugadh i Melbournena hAstráile ab ea Charles Thomas Philippe Ulm (18 Deireadh Fómhair1898 – 3 Nollaig1934). Le Charles Kingford Smith (1879–1935), rinne sé aistir thaiscéalaíocha eitleoireachta i 1927–1931. D'iompair sé an chéad aerphost idir an Astráil, an Nua-Shéalainn is an Nua-Ghuine i 1934. An bhliain chéanna agus é ag taiscéaladh eitiltí rialta aerphoist trasna an Aigéin Chiúin le beirt chompánach in eitleán innill chúplaigh, cailleadh é gar do Haváí.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.