Baile i gContae Mhuineacháin is ea Carraig Mhachaire Rois[1] (Carrickmacross as Béarla). Bhuaigh sí comórtas "Tidy Towns" do bhailte móra cúpla bliain ó shin. Tá an fhoireann peile sa tsraith idirmheánach. Bunaíodh an club peile sa bhliain 1887 agus caitheann siad na dathanna buí agus glas. Tá Carraig Mhachaire Rois nasctha le baile Carhaix, an Bhriotáin.
Stair
Is baile margadh í a d'fhás timpeall caisleán a thóg an tIarla Essex in 1630. Seasann Clochar St Louis anois ar shuíomh bunaidh an chaisleáin, mar gur scriosadh an caisleán féin go déanach sa 17ú haois le linn Chogadh an Dá Rí. D'fhorbair an baile níos mó go dtí gur tharla an Gorta Mór. Ansin thosaigh meath ar dhaonra na háite, agus tháinig laghdú ar an daonra ó 2,063 duine sa bhliain 1861 go 1,779 duine ina gcónaí ann faoin mbliain 1891. Tógadh Teach na mBocht agus an Ospidéal Fiabhrais sa tréimhse seo - agus rinneadh oifigí an Comhairle Ceantair Uirbigh de ina dhiaidh sin, a bunaíodh ar dtús sa bhliain 1899.
Oideachas
Tá trí bunscoil agus trí meánscoil i Carraig Mhacaire Rois ,Scoil Rois, Scoil buachailí Naomh Seosamh, Bunscoil Luaigh Naofa . Is gaelscoil í Scoil Rois agus is scoil meascaithe é. Is bunscoil lán buachailí é Noamh Seosamh agus is bunscoil lán chailíní í Bunscoil Luaigh Naofa.
Turasóireacht
I nGailearaí Lása Charraig Mhachaire Rois, is fédir foghlaim faoin gceird seo atá á cleachtadh le 200 bliain anuas, ar tarraingíodh aird uirthi i dtosach agus an lucht ríoga á déanamh agus ar choinnigh foireann dhíograiseach ceardaithe mná áitiúla beo í.
Ní mór cuairt a thabhairt ar Theach na mBocht i gCarraig Mhachaire Rois freisin, atá ar cheann den líon fíorbheag de thithe na mbocht in Éirinn a athchóiríodh, áit a bhfuil eispéireas nua corraitheach do chuairteoirí ann.[2]
Tionsclaíocht
Tá clú ag an lása sa bhaile Carraig Mhacaire Rois agus an ainm ''Carrick lace'' ar an grúpa a dhéanann an lása sa bhaile.
Stair na Foirgnimh
I measc na bhfoirgneamh stairiúla sa bhaile tá an eaglais Chaitliceach Rómhánach a críochnaíodh i 1866 agus atá tiomnaithe do Naomh Seosamh. Tá deich bhfuinneog gloine dhaite ann, a dhear an t-ealaíontóir Harry Clarke i 1925. Tá séipéal Eaglais na hÉireann an bhaile, atá tiomnaithe do Naomh Fionnbarra, níos sine, agus tógadh é c.1770 sula ndearnadh é a athmhúnlú i c.1845.
Tá uaigh Patrick Byrne (1794–1863), an mórthaispeántas deireanach den chláirseach Ghaelach agus an chéad cheoltóir traidisiúnta Éireannach ar tógadh grianghraf de riamh, sa cheantar.
Tagairtí
| Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |