Tharla Buamáil 7/7 i Londain ar 7 Iúil2005. Maraíodh 52 duine sna hionsaithe nuair a phléasc ceathrar fear buamaí ar thraenacha faoi thalamh agus ar bhus in áiteanna éagsúla i lár Londain. Gortaíodh thart ar 700 eile sna hionsaithe.[1][2]
Is ar son al-Qaeda a rinne an ceathrar fear an t-ionsaí. B'in iad Shehzad Tanweer, 22 bliain d'aois, Mohammed Sidique Khan, 30 bliain, Hasib Hussain, 18 bliain agus Jermaine Lindsay, 19 bliain. Mharaigh an ceathrar buamadóirí féinmharaithe 52 duine, iad féin san áireamh.[3]
Ar dtús, ceapadh go ndearnadh na buamaí uilig a mhadhmadh taobh istigh d’uair an chloig. Baineadh stangadh as an lucht féachana, áfach, nuair a cuireadh in iúl dóibh go raibh na marfóirí i bhfad ní ba chomhordaithe.[4]
Nuair a tharla na buamaí i Londain i mí Iúil, thosaigh Tony Blair, príomh-aire ag an am, ag caint ar ‘evil ideologies’.[5]
↑Robert McMillen (2005). "Robert Fisk" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-07-07.
Is síol faoi Shasana é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Strategi Solo vs Squad di Free Fire: Cara Menang Mudah!