Altra Éireannach as Inis Mór agus ball de Chumann na mBan ab ea Bríd Ní Ghiolláin,[1] Bríd Uí Dhireáin[2] nó Bridget Dirrane; 15 Samhain 1894 – 31 Nollaig 2003).[3][4][5]
Luathshaol
Rugadh Bríd Ní Ghiolláin i bhFearann an Choirce sa mbaile fearainn Cill Mhuirbhigh in Inis Mór ar 15 Samhain 1894, an leanbh ab óige ag Joseph Gillan, fíodóir agus feirmeoir, agus Maggie (née Walsh). Labhair an teaghlach Gaeilge sa bhaile, cé go raibh Béarla acu freisin. D'fhreastail Ní Ghiolláin ar an scoil náisiúnta i bhFearann an Choirce, ach d'fhág sí an scoil nuair a bhí sí 14 bliana d'aois chun obair a dhéanamh mar fheighlí leanaí. Ina cuimhní cinn, A Woman of Aran, a foilsíodh in 1997, mhaígh Ní Ghiolláin gur chas sí le Seosamh Pluincéad, Éamonn Ceannt, Tomás Mac Donnchadha, Tomás Ághas, agus Pádraig Mac Piarais nuair a thug siad cuairt ar an teach in Inis Mór ina raibh sí ag obair, agus gur phléigh sí cúrsaí polaitíochta agus pleananna d'Éirí Amach na Cásca leo. Poblachtánach a bhí inti, agus chuaigh sí isteach i gCumann na mBan in 1918. Thug sí cúnamh d'óglaigh a bhí ar a dteitheadh ó na húdaráis. Mar gheall ar a dtuairimí poblachtánacha, rinne na Dúchrónaigh ruathar ar thithe mhuintir Uí Ghiolláin.[3]
Gairm
Bhog Ní Ghiolláin go Baile Átha Cliath in 1919 agus oileadh í mar altra in Ospidéal Naomh Ultán. Bhí sí fós faoi fhaireachas, agus gabhadh í, in éineacht lena fostóir Claude Chavasse, nuair a bhí sí ag obair mar altra ina theach. Coinníodh í i stáisiún Bridewell ar feadh dhá lá sular aistríodh go Príosún Mhuinseo í. Níor cúisíodh í agus níor cuireadh ar a triail í. Dhiúltaigh sí Béarla a labhairt, rud a chuir na gardaí le buile. Chuaigh sí ar stailc ocrais ar feadh roinnt laethanta in 1920 go dtí gur scaoileadh saor í.[3] Ghlac sí páirt i mbigil de chuid Chumann na mBan lasmuigh de Phríosún Mhuinseo i mí na Samhna 1920, nuair a crochadh Kevin Barry.[4]
D’oibrigh sí i dteach an Ghinearáil Risteard Uí Mhaolchatha ar feadh dhá bhliain, sula ndeachaigh sí ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe in 1927. D’oibrigh sí mar altra i mBostún, áit a raibh sí ina ball gníomhach den phobal Éireannach taobh le gaolta agus iarchomharsana ó Oileáin Árann. D’oibrigh sí in óstán ar feadh tamaill, ach d’fhill sí ar an altranas tar éis di Éamonn Ó Direáin[6] (“Ned”) a phósadh i mí na Samhna 1932. Oibrí i mBostún ba ea Ned, arbh as Inis Mór é freisin, ach fuair sé bás in 1940. Ar 13 Bealtaine 1940, rinneadh saoránach de na Stáit Aontaithe di. Rinne sí stocaireacht ar son John F. Kennedy sa phobal Éireannach agus Gael-Mheiriceánach i mBostún Theas nuair a sheas sé i dtoghchán na huachtaránachta in 1960. Thug Jean Kennedy Smith cuairt ar Ní Ghiolláin i nGaillimh in 1997 chun aitheantas a thabhairt don obair a rinne sí. Bhuail sí leis an Seanadóir Edward Kennedy freisin.[3]
Deireadh a saoil
Tar éis di dul amach ar pinsean, d’fhill sí ar Oileáin Árann in 1966 nuair a bhí sí 72 bliain d’aois. Bhí sí ina cónaí ansin lena deartháir céile, Pádraig Ó Direáin, baintreach fir a raibh triúr mac fásta aige. Phós siad i searmanas príobháideach ar an 27 Aibreán 1966. D'fhan sí ar an oileán tar éis bhás Phádraig ar an 28 Feabhra 1990, in aon teach lena leasmhac. Tar éis tamaill, chuaigh sí isteach i dteach altranais sa Chaisleán Nua i mbruachbhailte Chathair na Gaillimhe. Shlánaigh sí céad bliain in 1994, agus cúpla bliain tar éis sin, shocraigh mátrún an tí altranais go mbaileodh an scríbhneoir áitiúil Jack Mahon a cuimhní cinn chun iad a chur le chéile i bhfoirm leabhair. Foilsíodh an leabhar, A Woman of Aran, in 1997 agus bhí sé ar an liosta sárdhíola ar feadh roinnt seachtainí. Bhronn OÉ Gaillimh céim oinigh, MA honoris causa, ar Ní Ghiolláin i mBealtaine 1998, an duine is sine a fuair céim oinigh riamh. Fuair sí bás ar an 31 Nollaig 2003, in aois a 109, i nGaillimh.[3] Cuireadh in Inis Mór í.[5]
Tagairtí