Bhí gairmréim fhada agus an-rathúil aige leis an bhfoireann Manchester United. Bhí sé ar duine de na 'Busby Babes' sna caogaidí, tagairt ar ndóigh d'imreoirí óga bhainisteoir na fóirne sin Matt Busby.[1]
Maraíodh go tragóideach cuid mhaith den fhoireann céadrogha sin de bharr na timpiste tragóidí a tharla ag Aerfort München i bhFeabhra na bliana 1958. 23 duine ar fad a maraíodh sa timpiste sin nuair a phléasc an t-eitleán ar an rúidbhealach agus í ag iarraidh éirí san aer. Bhíothas ag ceapadh go mba fhéidir nach n-imreodh Bobby Charlton arís i ndiaidh na timpiste sin mar gur léir do chách gur ghoill sé go mór air. Ach tháinig sé chuige féin, chuaigh ar ais i mbun traenála agus bhí ansin 10 mbliana níos deireanaí agus é cinniunach i 1968 i mbua Man United ar Benfica sa chluiche ceannais de Chorn na hEorpa.
Scóráil Charlton 249 cúl do Manchester United, curiarracht a mhair ar feadh i bhfad.
Bhí an rath céanna aige le foireann idirnáisiúnta Shasana chomh maith, Bhí sé ar an bhfoireann stairiúil sin i 1966 a bhuail an Ghearmáin Thiar (mar a bhí ag an am) i gCluiche Ceannais Chorn an Domhain. Sa bhliain chéanna, roghnaíodh é mar Pheileadóir na Bliana san Eoraip. D'imir Charlton 103 cluiche do Shasana.[1]
Chaith sé an chuid ba mhó dá ghairmréim ag imirt i lár na páirce, ag dul ar an ionsaí go minic agus ag aimsiú cúil. Ghnóthaigh sé naoi gcúl agus daichead le foireann Shasana, curiarracht a mhaireann fós.
Ar scor
D'éirigh Charlton as an imirt sa bhliain 1976, agus sa bhliain 1984 ghlac sé post ar Bhord Stiúrthóirí Manchester United.
Muintir
Ba fhear sacair mór le rá eile é a dheartháir Jack, a d'imir ina éineacht le foireann Shasana, an fear a stiúraigh foireann sacair Phoblacht na hÉireann le cáiliú do Chomórtas Euro '88 chomh maith le craobhacha an domhain i 1990 agus 1994.[1]