Mana agus méim[1] is ea BLM sa lá atá inniu ann chomh maith.
Is in 2013 a cuireadh bun faoin fheachtas atá i ndiaidh scaipeadh ar fud na cruinne sna sála ar dhúnmharuithe a rinne póilíní i SAM ar dhaoine gorma.[2] Maíonn an ghluaiseacht go seasann siad ar son cothromais agus cearta daonna d’achan duine. Táthar ag iarraidh dlúthpháirtíocht dhomhanda a chothú.
Stair
Bhí fadhbanna an chiníochais lárnach sa pholaitíocht sna Stáit Aontaithe ó bunaíodh iad, ón sclábhaíocht a thug saibhreas don tír nua, go dtí cinedhíothú na mbundúchasach, siúlóidí ar son chearta daonna na ndaoine gorma agus feachtas BLM an lae inniu.[3] Ó cuireadh tús leis na Stáit Aontaithe bhí leatrom córasach ar an phobal ghorm ach go háirithe, leatrom a mhaireann go dtí an lá inniu.
Chruthaigh mná dubha an méim agus an mana BLM i ndiaidh mharú Trayvon Martin sa bhliain 2012.[4] Fuarthas neamhchiontach i ngach cúis an dúnmharfóir agus ansin scaipeadh an haischlib #BlackLivesMatter don chéad uair in 2013. Cuireadh borradh faoi ansin i ndiaidh mharú Michael Brown in 2014.[5]
Tá an mana ‘I can’t breathe’ in úsáid ag an ngluaiseacht BLM ón uair ar thacht póilín Eric Garner[6] i Nua-Eabhrac thiar sa bhliain 2014.[7]
Scaip na manaí 'BLM' agus ‘I can’t breathe’ ar fud an domhain ag agóidí ar son chearta an phobail dhuibh sa bhliain 2020, nuair a dhúnmharaigh póilín bán George Floyd i gcathair Minneapolis ar an 25 Bealtaine.
Gluaiseacht agus teaicticí
“Is eagraíocht de chuid an 21ú haois í BLM";[8] is é atá i gceist, níl struchtúr eagraíochtúil ann, tá sé measartha scoite, scaoilte agus sin ceann de na buanna atá aige agus ceann de na laigí atá ann chomh maith.
‘Blue Lives Matter’ is ea mana na frithghluaiseachta conspóidí a tháinig chun cinn mar fhreagra ar an ngluaiseacht BLM. Samhlaítear an dath ‘gorm’ i mBéarla Mheiriceá leis na seirbhísí póilíneachta sa tír sin agus is don tsamhail sin a thagraítear sa mana ‘Blue Lives Matter’.
Gluaiseacht chiníoch atá i Blue Lives Matter sa chaoi is go ndéanann sé “beag is fiú” den ghluaiseacht Black Lives Matter agus de dhaoine a bhfuil imní orthu faoin bhforéigean in aghaidh daoine gorma a chuirtear i leith phóilíní Mheiriceá go minic.
Maraíodh Rafael Ramos agus Wenjian Liu as an NYPD i mBrooklyn ar 20 Nollaig 2014 agus bunaíodh an fhrithghluaiseacht i ndiaidh an eachtra seo. Tharla ionsaí eile i gcathair Baton Rouge i Louisiana ar 18 Iúil2016 inar maraíodh 3 póilíní.[9] Fuath ba bhun leis an gcoir. Tugadh reachtaíocht isteach i Stát Louisiana chun na póilíní a chosaint.
Tháinig clú ar ghluaiseacht eile, na Proud Boys sna 2010idí mar gheall ar roinnt agóidí atá eagraithe acu mar fhreagra ar ghluaiseacht BLM agus mar gheall ar throideanna a mbíonn a gcuid ball páirteach iontu.[10]
BLM in Éirinn
‘Gorm Chónaí Ábhar’
Sa bhliain 2017, thosaigh lucht na Gaeilge ar líne ag baint suilt as an íoróin a bhaineann le haistriúchán Gaeilge a rinneadh ar an mana conspóideach ‘Blue Lives Matter’.[11] ‘Gorm Chónaí Ábhar’ an Ghaeilge a cuireadh air. Sa Ghaeilge tugtar duine gorm ar dhuine a bhfuil craiceann dubh air, rud a fhágann lorg na híoróine ar an drochaistriúchán atá le feiceáil ar léine an fhir.
2020
Tá an ciníochas beo beathaíoch in Eirinn chomh maith[13] agus eagraíodh léirsithe Black Lives Matter in Éirinn sa bhliain 2020.[14][15][16]