Iris idirlín mhíosúil Gaeilge ba ea Beo!. Chuir Liam Ó Cuinneagáin tús léi i mí na Bealtaine 2001.[1] I ndiaidh 161 uimhir di a bheith foilsithe, tháinig deireadh le Beo! i nDeireadh Fómhair na bliana 2014. Oideas Gael a d'fhoilsigh an iris, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.
Is féidir i gcónaí teacht ar gach alt a foilsíodh ariamh ag Beo! sa chartlann ag suíomh na hirise.
Tréithe
- I measc na rannóg san iris, bhí 'Ar na Saolta Seo' (cúrsaí reatha), 'Teanga agus Cultúr', 'Cúrsaí Spóirt', 'Rannóg na bhFoghlaimeoirí', 'Cúinne na nEalaíon' agus 'Cúrsaí Teicneolaíochta'.
- Bhí clár plé san iris chomh maith a thug deis do dhaoine a gcuid tuairimí a nochtadh faoi ábhar na hirise nó faoi scéalta a bhí i mbéal an phobail.
- Bhí gluais ag dul le gach alt, rud a chiallaíonn gur féidir leis an foghlaimeoir é a léamh gan an foclóir.
- Bhí an iris idirghníomhach, chomh maith; tar éis duit alt a léamh, mar shampla, bhí na léitheoirí in ann scrúdú beag a dhéanamh chun a gcuid eolais ar stór focal an ailt a thástáil.
Naisc sheachtracha
Tagairtí