Is paróiste riaracháin nó 'sgìre' in iarthuaisceart na hAlban í Asaint. Tá sí ina chomhpháirt den chontae traidisiúnta Cataibh, Comhairle na Gàidhealtachd. Tá Asaint suite taobh ó thuaidh d'Ulapul. Tháinig an t-ainm ón sean-Lochlannais agus ciallaíonn sé 'deireadh an droma'. Is é Loch an Inbhir an baile is mó in Asaint.
Cruth na tíre
Tá clú ar Asaint mar gheall ar a tírdhreacha.
Tá Anaclann Náisiúnta Dúlra Chreag a' Chnocain (Béarla: Knockan Crag National Nature Reserve) ann agus ionad cuairteoirí ann a thugann léirmhíniú ar an ghné geolaíochta Sá-éascan a'Mhoine (Béarla: Moine Thrust), mar chuid de Geopháirc Iar-Thuath na Gàidhealtachd.
Tá Uaimh an Chlaoin, an uaimh is faide in Albain sa cheantar seo, suite 5 mhíle (8.0 km) ó dheas d'Innis nan Damh.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |