Tá an Líontán ar cheann de na réaltbhuíonta miona atá le feiceáil ar an leathsféar neamhaí theas. An tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh an réaltbhuíon seo sna blianta 1751-52 mar chuimhneachán ar an mioneangach – sin le rá, téada damháin alla, rud ar bhain sé úsáid as chun suímh na réaltaí deisceartacha a thomhas.
Tugtar Reticulum mar ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo, rud a chiallaíonn "líon beag".
Príomhghnéithe
Réada suntasacha domhainspéire
Stair
Ba é an réalteolaí Francach an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh réaltbhuíon an Líontáin. Chaith Lacaille na blianta 1751 agus 1752 san Afraic Theas agus é ag clárú réaltaí an leathsféir theas. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an léarscáil neamhaí a rinne sé ag an am sin. Tháinig amach an chéad eagrán sa bhliain 1756 ach ní raibh ann ach plánaisféar agus é sa teanga Fraincise. Níor foilsíodh an chatalóg iomlán agus eagrán deifnídeach an phlánaisféir go dtí an bhliain 1763, bliain amháin tar éis bhás Lacaille. Coelum Australe Stelliferum an t-ainm a thug Lacaille ar an leabhar seo. San eagrán seo, d'aistrigh sé na hainmneacha ón bhFraincis go dtí an Laidin, agus chuir sé trí réaltbhuíon na Cíle, na Seolta agus Dheireadh na Loinge in áit Argo Navis (nó Le Navire, mar a thug sé air sa chéad eagrán).
Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an Líontán ina measc (féach an bosca thíos). Sa lá atá inniu ann glacann an an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin; agus glactar freisin leis na trí réaltbhuíon a rinne Lacaille as an Long.
Le Reticule Romboide an t-ainm Fraincise a thug Lacaille ar an réaltbhuíon seo ar dtús. Líontán a theileascóip a bhí i gceist aige, sin le rá mioneangach muileatach sa súilphíosa ar bhain Lacaille úsáid as chun suímh na réaltaí a thomhas. Bhí an mioneangach seo ar dhéanamh rombais agus is amhlaidh gur chruthaigh an réalteolaí Gearmánach Isaac Habrecht seanréaltbhuíon darbh ainm Rhombus (.i. Rombas) sa cheantar seo den spéir sa bhliain 1621!
Reticulus [sic] an t-ainm Laidine a tugadh uirthi ar an bplánaisféar a tháinig amach sa bhliain 1763. Sa lá atá inniu ann tugtar Reticulum ar an réaltbhuíon seo.
Miotaseolaíocht
Ós rud é nár cruthaíodh réaltbhuíon an Líontáin go dtí an 18ú haois, níl aon bhaint aici le miotaseolaíocht an tSeansaoil. Lena chois sin, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht leis an réaltbhuíon seo ós rud é gur scoir Lacaille den thraidisiún sin ar dá réir a d'ainmnítí na réaltbhuíonta as carachtair mhiotaseolaíocha; ina áit sin roghnaigh sé go formhór ainmneacha uirlisí a úsáidtear sna heolaíochtaí.
Réaltaí
- Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
- α Ret 3.33; β Ret 3.84; γ Ret 4.48; δ Ret 4.56; ε Ret 4.44; ζ1 Ret, ζ2 Ret 5.53, 5.24 – dúbailte, i ngar dúinn; η Ret 5.24; θ Ret 5.88; ι Ret 4.97; κ Ret 4.71
Féach fosta
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.