Iar-pheileadóir Ghaelach Éireannach é Ambrós Ó Donnabháin (Béarla: Ambrose O'Donovan), nó "Rosie" mar a leasainmníodh é. As Gníomh go Leith dó, d'imir sé i lár na páirce leis a chlub áitiúil Gníomh go Leith agus leis an bhfoireann idirchontae Ciarraí. Bhí sé ina chaptaen ar fhoireann cháiliúil Chiarraí a bhuaigh Craobh Peil Sinsearach na hÉireann sa bhliain 1984, an bhliain ina raibh an comóradh céad bliain ag an gCumann Lúthchleas Gael.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |