Meaisín chun ocsaigin a sholáthar d'othar agus dé-ocsaíd charbóin a bhaint uaidh, nuair nach bhfuil sé in ann análú dó féin, is ea aerálaí.
Leathnaíonn sé na scamhóga ó am go ham trí fheadán a chuirtear sa traicé (téann an t-othar faoi thraicéastóime uaireanta; níl sé sin ró-choitianta sa lá atá inniu ann).
Tá gaireas simplí iniompartha ar fáil is féidir a oibriú de lámh le haghaidh análú ghearrthéarmaigh é. Nuair a bhíonn gá le húsáid fhadtréimhseach, tá meaisíní uathoibríocha ar fáil.
Stair
Nuair a tháinig an t-análaitheoir chun cinn ar dtús sna 1930idí, thugtaí scamhóg iarainn air.[1] Bosca mór a dhóthain ab ea é chun colainn othair a chur isteach ann, gan ach a cheann is a mhuineál taobh amuigh. D'fhaightí sreabh aeir isteach sna scamhóga tríd an mbrú taobh istigh den bhosca a laghdú, rud a leathnaigh cliabhrach is scamhóga an othair. Bhaintí feidhm as i gcás othar le pairilis riospráide de bharr polaimiailítis nó póilió, ach níl sé in úsáid a thuilleadh.
Sa bhliain 1952/1953, rinne Bjørn Iben, ainéistéisí cróga i gCóbanhávan sa Danmhairg, an chéad aerálaí meicniúil nua-aimseartha. Réab eipidéim phóilió ar fud na tíre agus bhí páistí ag fáil bháis ina sluaite, le cliseadh hiopanálaithe riospráide ‘Múineann gá seift’, mar a deirtear agus rinne Iben traicéastóime ar cailín 12 bliain d'aois ar 25 Lúnasa 1952 agus ansin cheangail sé aerálaí meicniúil bunúsach.[2][3][4][5]
↑Christophe Letellier (2013). "Chaos in Nature" (as en). World Scientific.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Strategi Solo vs Squad di Free Fire: Cara Menang Mudah!