Is planda luibheach é Achillea millefolium nó an athair thalún, sa fhineAsteraceae.[1] Tugtar luibh na ndaitheacha uirthi freisin. Tá sí dúchasach don leathsféar thuaidh timpeall an domhain agus tugadh isteach í san Astráil agus sa Nua-Shéalainn freisin mar chothú do na beithígh.
Cur síos
Is planda luibheach ilbhliantúil diasdíreach é an athair thalún choiteann agus tárgaíonn sé gais éagsúla (0.2 go 1m in airde) agus bíonn cruth fáis riosóimiúl aige. Bíonn duilleoga scaipthe go cothrom ar feadh an ghais aige, leis na duilleoga is mó i lár agus ag bun an ghais. Bíonn méideanna athraitheach fionnaitheachta nó caithreacha ag na duilleoga. Tá na duilleoga 5-20 cm ar fhad, déchleiteach nó tríchleiteach, beagnach clúmhach, agus socraithe go bíseach ar an ghas. Tá na duilleoga cálach agus go hiomlán nó go páirteach ag timpeallú an ghais.