Sráidbhaile in Éirinn is ea Abha na Scáil nó Abhainn an Scáil.[1] Tá an sráidbhaile suite in iardheisceart na tíre i gCiarraí. Tá beagnach 1,000 duine ag maireachtaint in Abha na Scáil agus an paróiste mórthimpeall air. Sa bhliain 2016 bhí 318 duine ag maireachtaint ar an sráidbhaile. Tá scata tithe tábhairne, bunscoil, bialann, café, halla, páirc caide, séipéal agus dhá shiopa ar an sráidbhaile. B'as Abha na Scáil don dtaiscéalaí Antartach cáiliúil Tom Crean.
Fuarthas amach i ndaonáireamh 2016 go bhfuil Gaoluinn ag thart ar 59% de mhuintir an pharóiste, cé nach bhfuil Abha na Scáil sa Ghaeltacht. Cé gur trí Bhéarla a mhúineann bunscoil Abha na Scáil, tá cuid de dhaltaí na háite anois ag triall ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne, Meánscoil Gaeltachta Lán-Ghaeilge sa Daingean nó ar Ghaelcholáiste Chiarraí i dTrá Lí.
Tagairtí
| Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |