Mac altrama Cimbáeth agus Mhacha Moinge Rua ab ea Uaghaine, agus tháinig sé i réim tar éis dó a réamhtheachtaí, agus marfóir a mháthar altrama, Rechtaid Rígderg a mharú. Deirtear i Lebor Gabála Érenn go raibh sé i gceannas ar "Alba go dtí an Muir nIocht", .i. An Bhreatain go léir, agus "dar le roinnt", ar fud na hEorpa.[2]
Phós sé Cessair Chrothach, iníon rí na nGallach, a thug ar an saol leis beirt mhac is fiche agus triúr iníonacha. Deirtear gur roinn sé Éire dá pháistí. Mar shampla (agus féach thíos), thug sé Life dá mhac Lóegaire LorcBregia dó Chobhthach Caol Breag. Bhí a iníon Muirisc i gceannas ar Mag Muirisce, Muraisc an lae inniu.[3] Mhair an roinn seo ar feadh trí chéad bliain go dtí ré na Cúigí a bhunaigh Eochaidh Feidhil.
Bhí Uaghaine Mór i réim ar feadh tríocha nó daichead bliain, sular mharaigh a dheartháir, Bodbchad, é. De réir an Leabhar Gabhála, tháinig a mhac Lóegaire Lorc díreach i gcomharbacht air, cé go n-insítear in Annála na gCeithre Máistrí[4] agus Foras Feasa ar Éirinn[5] go raibh Badhbhchad ina rí ar feadh lá go leith sular mharaigh Lóegaire é. Tháinig Cobhthach Caol Breag i gcomharbacht ar a dheartháir, Loegaire.
Seo a leanas sliocht Uaghaine, agus an talamh a thabhairt sé dóibh. Deirtear go raibh cúigear is fiche sa chlann, beirt mhac is fiche agus triúr iníonacha.[7] Is amhlaidh ámh go raibh iníon eile ann, darb ainm Lathar (gan bheith meascaithe le Latharn).
↑Roderick O’Flaherty, Ogygia, or, a Chronological Account of Irish Events, Part III (1685), aistrithe le James Hely, Imleabhar II, Paris: 1793, lch. 400.